Letra da Música: Mo Ghile Mear - Mary Black

Esse letra de Mary Black já foi acessado por 92 pessoas.

Publicidade
Comente

Veja também o vídeo da música tocada.


Sé mo laoch mo Ghile Mear
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.
Bímse buan ar buaidhirt gach ló,
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
's ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón

Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh
Ó d'imthigh sé uaim an buachaill beó.

Marcach uasal uaibhreach óg,
Gas gan gruaim is suairce snódh,
Glac is luaimneach, luath I ngleo
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon.

Seinntear stair ar chlairsigh cheoil
's líontair táinte cárt ar bord
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó
chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan.
Ghile Mear 'sa seal faoi chumha,
'S Éire go léir faoi chlócaibh dubha;
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó cuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Seal da rabhas im' mhaighdean shéimh,
's anois im' bhaintreach chaite thréith,
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is I n-imigcéin.


Quer fazer uma correção nesta letra?





    Comentários (0) Postar um Comentário

    Nenhum comentário encontrado. Seja o primeiro!